Duolingo is the most popular way to learn languages in the world. Best of all, it's 100% free!

https://www.duolingo.com/SatharnPHL

Ard-fhéile na Gaeilge i gCeanada

Ard-fhéile na Gaeilge i gCeanada

23 - 25 Meitheamh 2017
Teimheal Bharda (Tamworth) / Baile na hÉireann (Erinsville), Ontairió

Is é Oireachtas Gaeilge Cheanada ard-fhéile na Gaeilge i gCeanada. Gan bhréag ná áibhéil, níl féile dá cineál le fáil áit ar bith sa domhan taobh amuigh d'Éirinn. Tá comhluadar breá Gaeilge ann i gcónaí, agus fáilte roimh fhoghlaimeoirí, cuma cén leibhéal. I measc rudaí eile, tá scoth den cheol, damhsa, amhránaíocht, scéalaíocht, litríocht agus dráma ann.

DÁTAÍ: Aoine 23 Meitheamh – Domhnach 25 Meitheamh 2017
LÁTHAIR: Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir
SEOLADH: 298 Gilmore Road, Teimheal Bharda (Tamworth) Ontairió
LÓISTÍN: Hampton Inn, 40 McPherson Drive, Napanee
COSTAS: Lán-Phacáiste Deireadh Seachtaine: $75
Cead Isteach Amháin ar Pháirc na Féile (Sath nó Domh): $10
Táille Iarrthóir Comórtais: $10 (Aonarach), $25 (Grúpa)
EAGRAÍOCHTAÍ URRAÍOCHTA: Cumann na Gaeltachta (Teimheal Bharda/Baile na hÉireann)
Oireachtas na Gaeilge (Éire)
Glór na nGael (Éire)
SUÍOMH GRÉASÁIN na FÉILE: www.oireachtas.ca
Clárú ar Líne - http://www.oireachtas.ca/Claru.Gae.shtml

1 year ago

1 Comment


https://www.duolingo.com/Breandan2014
Breandan2014
  • 24
  • 16
  • 14
  • 13
  • 5

Maith sibh Gaeil Cheanada ag reachtáil a léitheid de fhéile thall ansin. Is cinnte go dtugann sé spreagadh ní amháin de na Gaeilgeoirí thall ach tugann sé spreagadh dúinn anseo i nÉirinn chomh maith. Go n-éirí libh agus go raibh craic ar dóigh agaibh go léir.

1 year ago